Posts

Níl a fhios agam an cumadóireacht é seo nó ar tharlaigh sé i ndáiríre.

An rud is Gearmánaí riamh. Bhí Cathair Bheirlín deighilte ina dhá leath ar feadh dhá bhliain is fiche nuair a thit Balla Bheirlín in 1989. Thóg fear leabhar as a leabhragán in Oirthear Bheirlín agus thaistil trasna go hiarthar na cathrach. Stad sé ag leabharlann áitiúil. "Fuair mé an leabhar seo ar iasacht in 1961, ach tógadh an Balla sula raibh deis agam é a thabhairt ar ais. Seo mé anois agus seo é an leabhar. Tá brón orm as é a choinneáil chomh fada sin."

Sir Kier Starmer

Is iontach an Príomh-aire é Kier Starmer. Tá dáimh aige leis an phobal. Tá sé mealltach agus tá sé go hiomlán iontaofa. Agus a fheabhas a rinne sé le pinsinéirí, feirmeoirí agus daoine faoi mhíchumas. Fear an-mhacánta ar fad. Go raibh Lá na nAmadán maith agaibh.
Bhí lánúin aosta ag siúl síos an bóthar nuair a deir an bhean lena fear,  " Amharc cé atá thall ansin, ag an stad bus. Ardeaspag Canterbury atá ann." "Ná bí amaideach," arsa an fear." "Ní hé Ardeaspag Canterbury atá ann. Ag fanacht ag stad bus?" Deir an bhean lena fear dul anonn agus ceist a chur air. "Níl mé ag iarraidh," arsa an seanduine. "Gabh anonn agus cuir ceist air," a d'fhreagair an bhean. Mar sin téann sé anonn agus deir sé, "Gabh mo leithscéal, an tusa Ardeaspag Canterbury?" "Focáil leat!" a d'fhreagair an fear. Streachail an seanduine anall ar ais chuig a bhean. "Bhuel, cad é a dúirt sé?" a d'fhiafraigh sí. "Dúirt sé liom focáil liom," arsa an seanduine. "Ó,"    arsa an bhean. "Anois ní bheidh a fhios againn choíche."

Blag úr.

 Fáilte chuig an bhlag úr seo. Tá súil agam go bhfaighidh tú rud éigin spéisiúil ann.