Bhí lánúin aosta ag siúl síos an bóthar nuair a deir an bhean lena fear,
" Amharc cé atá thall ansin, ag an stad bus. Ardeaspag Canterbury atá ann."
"Ná bí amaideach," arsa an fear." "Ní hé Ardeaspag Canterbury atá ann. Ag fanacht ag stad bus?"
Deir an bhean lena fear dul anonn agus ceist a chur air.
"Níl mé ag iarraidh," arsa an seanduine.
"Gabh anonn agus cuir ceist air," a d'fhreagair an bhean.
Mar sin téann sé anonn agus deir sé, "Gabh mo leithscéal, an tusa Ardeaspag Canterbury?"
"Focáil leat!" a d'fhreagair an fear.
Streachail an seanduine anall ar ais chuig a bhean.
"Bhuel, cad é a dúirt sé?" a d'fhiafraigh sí.
"Dúirt sé liom focáil liom," arsa an seanduine.
"Ó," arsa an bhean. "Anois ní bheidh a fhios againn choíche."
Comments
Post a Comment